Fáilte
Is é an tArd-Aighne, Rossa Fanning SC, Abhcóide Sinsir, an príomhchomhairleoir dlí don Rialtas agus mar sin is príomhoifigeach dlí an Stáit é. Tá Oifig an Ard-Aighne déanta suas de roinnt oifigí difriúla.
In Oifig an Ard-Aighne bíonn an tAbhcóide Comhairligh don Ard-Aighne agus Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas, chomh maith le hOifig Phríomh-Aturnae an Stáit (CSSO).

Is é atá i dtaobh Comhairleach Oifig an Ard-Aighne ná dlíodóirí a bhfuil saineolas acu ar réimsí sainiúla dlí. Tá trí ghrád d'Abhcóidí Comhairleacha ann, Grád I (Rúnaí Cúnta), Grád II (Príomhoifigeach) agus Grád III (Príomhoifigeach Cúnta).

Tá foireann saindlíodóirí in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas atá ardoilte i reachtaíocht a dhréachtú. Tá an Oifig ina comhdhamhna d'Oifig an Ard-Aighne agus tá sí suite ar Shráid Mhuirfean Uachtarach, Baile Átha Cliath 2.

Soláthraíonn Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit seirbhísí dlíthíochta mar aon le raon leathan seirbhísí dlí nach mbaineann leis an dlíthíocht, ar nós seirbhísí comhairleacha agus seirbhísí tíolactha. I ndáiríre, is é an fheidhm atá ag Príomh-Aturnae an Stáit gníomhú mar aturnae i gcomhair na hÉireann.