Skip to main content

Ráiteas Príobháideachta agus Fianán

Bainistigh do Shocruithe Fianán

Ráiteas Ginearálta

Tá ardmheas ag Oifig an Ard-Aighne ar do chearta príobháideachais, agus ní bhaileoimid aon fhaisnéis phearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo gan do chead. Láimhseálfar aon fhaisnéis phearsanta a thugann tú don Oifig go deonach leis an gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta, go cruinn de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 agus 2003 agus 2018.

Úsáid fianán

Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhaid shimplí téacs, a chuirtear ar do ríomhaire ag suíomh gréasáin. Is féidir leis an suíomh gréasáin roinnt fianán a léamh ar do chuairteanna ina dhiaidh sin. Is féidir go mbainfidh an fhaisnéis a stóráiltear i bhfianán le do ghnásanna brabhsála ar shuíomh gréasáin, nó is uimhir uathúil aitheantais é ionas go mbeidh an suíomh gréasáin in ann 'cuimhneamh' ort nuair a thugann tú cuairt eile. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriú an tsuímh gréasáin.

Nasc leis an Liosta Fianán a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo.

Bainistigh do Shocruithe Fianán a úsáidtear ar an suíomh gréasáin seo.

Google Analytics

Úsáideann an suíomh gréasáin seo Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a chuireann Google, Inc. ('Google') ar fáil. úsáideann Google Analytics 'fianáin', ar comhaid téacs a chuirtear ar do ríomhaire iad, chun cabhrú leis an bhfoireann gréasáin anailís a dhéanamh ar an gcaoi a n-úsáideann úsáideoirí an suíomh. Tarchuirfear an fhaisnéis a ghineann an fianán faoi d'úsáid den suíomh gréasáin chuig Google agus stórálfaidh sé í. úsáidfidh Google an fhaisnéis sin chun an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin a mheas, agus é ag cur tuarascálacha le chéile ar ghníomhaíocht suímh gréasáin d'oibreoirí suímh gréasáin agus ag soláthar seirbhísí eile a bhaineann le gníomhaíocht suímh gréasáin agus úsáid idirlín. Is féidir go dtarchuirfidh Google an fhaisnéis sin chuig tríú páirtithe eile freisin i gcás gur gá é sin a dhéanamh de réir dlí, nó i gcás go bpróiseálann na tríú páirtithe sin an fhaisnéis ar son Google. Ní nascfaidh Google do sheoladh IP chuig aon sonraí eile a choimeádann Google. Tá nasc chuig leathanach príobháideachais sonraí agus slándála Google Analytics curtha ar fáil anseo.

Tá Anaithnidiú IP Google Analytics cumasaithe ar an suíomh seo. Tá níos mó faisnéise faoi Anaithnidiú IP curtha ar fáil anseo.

Browsealoud

Úsáideann an suíomh gréasáin seo Browsealoud, breiseán inrochtaineachta agus tacaíochta léitheoireachta a chabhraíonn leat an t-ábhar a léamh. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Browsealoud agus faoin gcaoi a láimhseálann sé fianáin, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Texthelp. Tabhair faoi deara nach gcruthaítear fianáin a bhaineann le Browsealoud ach amháin nuair a roghnaítear an fheidhm seo a oscailt. Seoltar téacs atá le léamh amach trí SSL chuig freastalaithe a bhainistíonn Texthelp chun sonraí fuaime a ghiniúint agus a shruthú. Seoltar téacs atá le haistriú trí SSL chuig freastalaithe Google Translation.

Bailiú agus úsáid faisnéise pearsanta

Ní bhailíonn Oifig an Ard-Aighne aon sonraí pearsanta fút ar an suíomh gréasáin seo, seachas an fhaisnéis a thugann tú go deonach. Ní chuirtear aon fhaisnéis a sholáthraíonn tú sa chaoi seo ar fáil d'aon tríú páirtí, agus ní úsáideann an Oifig í ach amháin ar aon dul leis an bhfeidhm ar thug tú dúinn í ina leith.